Friday, 26 April 2024

 

Antrim GAA Visit the Official Club Aontroma Website

Laochra Loch Lao

Bookmark and Share
10 May 2010
Is é freastal ar an phobal príomhdhualgas CLG agus mar chomhlíonadh an dualgais sin tá comórtas eile le reachtáil ag foireann Ghaeltacht Bhéal Feirste, Laochra Loch Lao. Dúirt Cathaoirleach na Laochra, Jake Mac Siacais, “ Is tábhachtach go dtuigeann pobal CLG sa chontae seo nach bhfuil na Laochra ar an saol mar mhaisiúchán le dea-chuma a chur ar shaol chultúrtha CLG i mBéal Feirste.Is cumann Gaeltachta sin agus tá pobal mór fairsing taobh thiar den chumann agus le léiriú don phobal gur Cumann beo bríomhar sinn agus go bhfuil muid mar chuid lárnach de shaol CLG na cathrach seo, tá lúchair orm le fogairt go bhfuil comórtas eile le reachtáil againn. Bhronn muid Corn Uí Mhuirí ar Scoil na Fuiseoige agus bhí an comórtas sin do pháistí na mbunscol i nGaeltacht Bhéal Feirste. Ach an iarraidh seo, comórtas do dhaoine fásta a bheas againn.Cuirfear tús le Comórtas Oilibheir Uí Cheallaigh ar an 15ú Bealtaine i gcuimhne ar iarchaothairleach an Chontae seo a d’éag ar na mallaibh. Fear a raibh Gaeilge aige agus a bhí sáite i gcursaí CLG. Mar sin de is cuí comórtas a reachtáil ina chuimhne. Ní amháin sin, ach tá beirt mhac dá chuid, Cathal agus Diarmuid, ag imirt leis an fhoireann.”

Beidh Lámh Dhearg, Gort na Móna, Naomh Úna agus Laochra Loch Lao ag glacadh páirte ann agus imreofar na cluichí ar Pháirc Lámh Dhearg ag tosacht ar 12.00 in.

Is céim thábhachtach chun tosaigh é an comórtas seo do na Laochra dár le Fergal Mac Ionnrachtaigh , Rúnaí an Chumainn. “Cuireann an comórtas seo Laochra Loch Lao i mbéal an phobail agus ligeann sé dúinn cur le saol CLG na cathrach. Tá pleananna againn le comórtas níos fearr a reachtáil ar an bhliain seo chugainn le níos mó cumann ag glacadh páirte ann.”

Dúirt Jim Murray, Leas Cathoirleach Choiste Chontae Aontroma, “Is léir óna dianiarrachtaí atá déanta ag an Chumann seo nach Cumann onórach ná teidealach é. Molaim go hárd an tsarobair atá déanta ag an Choiste. Is léir go bhfuil miontuiscint acu ar cé chomh tábhachtach agus atá an dearcadh a spreagann freastal ar phobal i saol CLG. Is mór is fiú cur san áireamh nach bhfuil Laochra Loch Lao ar an saol le roinnt blianta agus tá dul chun cinn nach beag déanta acu. ”

Beidh tuilleadh nuachta ar an suíomh seo faoi imeachtaí na Laochra agus iad ag ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta.