20 January 2015
A Chara,
Can you please circulate this e-mail to a person/persons in your area who are interested in the promotion of Irish language through sport. Ballinascreen GAC are running an indoor 5v5 Hurling/Camogie blitz for children who are attending Irish medium primary schools (Rang 5-7) throughout Ulster on Sunday the 9th March. This is an open invitation to clubs/Irish speaking primary schools but I HAVE TO STRESS THAT THE IRISH LANGUAGE IS THE REASON FOR THIS EVENT. As you will see below the details are in Irish, please pass this on.
Go raibh míle maith agat
Conchúr Ó Muirí
Baillinascreen, Co Derry
A chara,
Tá CLG Naomh Colm, Baile na Scríne ag reáchtáil blitz iomána/camógaíochta Dé Domhnaigh 9 Márta in ionad faoi dhíon Meadowbank i Machaire Fíolta i gContae Dhoire mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. 1.30pm go 3.30pm a bheadh i gceist ó thaobh ama de.
Páistí atá ar an bhunscoil faoi láthair (Rang 5-7) atá i gceist, agus bheadh na foirne measctha (i) ó thaobh foirne cothroma agus (2) ó thaobh buachaillí agus cailíní ar an fhoireann amháin má tá sé sin ag fóirstean. Dá mbeadh go leor foirne ann thiocfadh le comórtas do na páistí is sine/fisiciúla a bheith ann agus comórtas eile do na páistí níos óige nó nach bhfuil a oiread sin taithí acu ar an iomáint/chamógaíocht.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt d'fhoirne i gceantair eile ina bhfuil bunscoileanna Gaeilge le teacht ann. Ní bheadh i gceist ach 5-6 pháiste le foireann amháin a chur le chéile, agus b'iontach an rud é foirne a fháil ón Chúige ar fad le páistí le Gaeilge agus cóitseálaithe le Gaeilge a tharraingt le chéile don lá. Thiocfadh leo imirt faoi ainm an chlub nó faoi ainm na scoile, nó faoi ainm eile ar fad más fearr libh.
Cé go mbeidh buaiteoir i gceist, ní miste a áiteamh gurb í an teanga an t-aon ghné atá á thiomáint seo. Má bhíonn go leor foirne beaga ann don lá, beidh 9 nó 12 páirc bheaga againn agus foirne ag imirt cluichí gearra 5-an-taobh ar an talamh in éadan a oiread foirne eile ar a leibhéal féin agus is féidir. Glactar leis gur i nGaeilge ar fad a bheas na himeachtaí á reáchtáil ó thaobh bainisteoirí, réiteoirí srl de agus go gcuirfear in iúl do na páistí uilig gur imeacht Ghaeilge atá i gceist. Tuigeann cách cé chomh deacair is atá sé na páistí a chur ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil, agus san áit a dtéann sé i bhfeidhm go mór orthu páistí eile a chluinstin ag caint i nGaeilge thig leis dul i bhfeidhm an bealach eile má fheictear dóibh gur Béarla go príomha atá á labhairt ag a gcéilí comhraic ag imeachtaí Gaeilge.
Tá an halla ar fad ar fáil agus curtha in áirithe againn i mbliana. Bheinn iontach buíoch dá dtiocfadh libh a chur in iúl dom an síleann sibh go mbeadh sibh ábalta foireann nó foirne a thabhairt ann.
Ní bheadh táille do na foirne chun páirt a ghlacadh chomh maith leis sin bainfear úsáid as na gnáth camáin agus beidh achan rud ar an talamh chun cách a choinneáil sábháilte.
Tá mé á chur seo chuig ionadaithe as na ceantair dhifriúla, ach ar ndóigh thiocfadh libh féin daoine eile le Gaeilge as bhur gclub/gceantar a fháil le cuidiú libh ar an lá. Ar ndóigh má shíleann sibh go mbeadh foireann Ghaeilge ar bith eile le fáil, bheadh fáilte rompu ach dul i dteagmháil liom a luaithe is féidir.
Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil liom ag:
Conchur73@hotmail.com
Conchúr Ó Muirí
Oifigeach Cultúir,
CLG Bhaile na Scríne