Saturday, 20 April 2024

 

Antrim GAA Visit the Official Club Aontroma Website

A chairde

Bookmark and Share
20 December 2014
A chairde,
Tá deireadh le 2014 ag druidim linn agus muid ag tnúth le bliain úr romhainn. Is iomaí cuimhne, idir mhaith agus bhrónach atá againn ar an bhliain atá thart. Cuimhnímid go ceanúil ar chairde atá anois ar shlí na fírinne agus a bheidh inár bpáidreacha go deo. D'éirigh go geal le cumainn a bhain craobhchomórtais agus bhí díoma ar chumainn eile. Tá ardmholadh tuillte ag gach duine agus bímis ag súil go fonnmhar leis an bhliain úr romhainn, ag dréim le rath agus le hardfheidhmiú leanúnach.

Cuireann ár bhfoirne contaetha fáilte roimh an bhliain úr go dóchasach. Tá sé ríthábhachtach go seasaimid go léir taobh lenár n-imreoirí agus lenár gcóitseálaithe agus go spreagaimid iad go dearfach chun séasúr ratha a bhaint amach.

Ar na mallaibh, fógraíodh cinneadh maidir le Páirc Mhic Aismint. Ní deireadh an scéil é sin. Leanaimis orainn go díograiseach tiománta i 2015, i gcomhair le Comhairle Uladh agus lenár bpáirtnéirí uile, go dtí go mbainfear amach an staidiam den chéad scoth, atá tuillte ag Gaeil Aontrama.

Guímid beannachtaí na Nollag agus bliain úr faoi rath agus faoi mhaise do gach duine.

2014 is coming to a close and we look forward to a new year. This year has many memories for all of us, some good and some bad. We have lost some good friends and family this past year. They will always remain with us in our memory and prayers.
Clubs have celebrated championship victories and others disappointment. All clubs look forward with hope and anticipation to 2015 that the new season will bring continued success or improved performance.
Our county teams look forward to the new season with renewed hope. It is important that we all get behind our players and coaches to push them on to a successful season.
Recently we have had the decision on Casement Park. This is not the end. Along with Ulster Council (Comhairle Uladh) and other partners we will go into 2015 with renewed vigour to see the Gaels of Antrim achieve the stadium they deserve.
May we all have a happy Christmas and a peaceful and prosperous new year.