Wednesday, 24 April 2024

 

Antrim GAA Visit the Official Club Aontroma Website

Comhghairdeas leis na Dúnaibh / Congratulations to the Dúnaibh

Bookmark and Share
14 June 2010
Comhghairdeas leis na Dúnaibh / Congratulations to the Dúnaibh

Rinne Foireann Peile na Ceathrún Ghaeltachta eácht bhrodúil eile do Bhéal Feirste agus iad ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2010. Ghlac 25 d’fhoirne sán iomlán páirt sa chomórtas i mBéal Átha Mhuirthead thar dheireadh na seachtaine 4ú go 7ú Meitheamh, le cumainn ó Chorcaigh, Ciarraí, Tir Chonaill, Gaillimh, Maigh Eo, Port Láige agus Londáin. Thug Laochra Loch Lao cath fíochmhar do na Dúnaibh as Tír Chonaill agus chaill siad sa deiread leis an bhearna is lú de chúilín amháin i ndiaidh am bréise. Thaisteal timpeall 50 tacadóir an 250 míle do Bhéal Atha Mhuirthead don chomórtas náisíunta bliantiúil.

Bhí scuad na Laochra neartaithe i mbliana le réalt Aontroma Pádraig Ó Cuinneagáin, a scoráil dhá chúl gleoite agus slam de phointí agus a chríochnaigh le héacht scorála pearsanta do 2-8. Bíodh is gur thosaigh na Laochra go fadalach, d’éirigh leo go fóill comhscór a bhaint amach ag leath-ama i gcead do chúl álainn ó chos Uí Chuinneagáin.

Thóg na Laochra caighdéan s’acu sa dara leath agus bhí siad i bhfad ní ba láidre. Chuir pointí ó Niall Mac an Lia, Feargal Mac Ionnrachtaigh, agus cúl spéisialta eile ó Ó Cuinneagáin chuir siad na Laochra ceithre pointí chun tosaigh agus gnáth-am thart, timpeall na hama céanna ar cuireadh fear lár pháirce na Dúnaibh, Shane Ó Gallchóir ón pháirc i ndiadh do dhá charta buí a fháil. Mar sin féin, sciob na Dúnaibh comhscór faoi dheireadh, tar éis 7 mbomaite d’am bréise inár scoráil siad cúl agus pointe.

Chuaigh na Laochra dhá phionte chun tosaigh sá chéad trémhse d’am bréise le dhá pointe ó Mhac Ionnrachtaigh agus pointí ó Ó Cuinneagáin agus Ciarán Ó Coinn. Tharraing na Dúnaibh trí pointe ar ais tar éis daofa ionadaí dleathach a chuir ar an pháirc in áit an fear lár pháirce a cuireadh ón pháirc, rud nár fhág ach pointe amháin idir na foirne ag deireadh na chéad thréimhse, 2-13 chuig 2-12.

Mar sin fein, is iad na Dúnaibh a thosaigh an dara tréimhse d’am bréise ní ba láidre nuair a scoráil siad dhá chúilíní gleoite sular bhain siad cic píonóis, a scoráil siad, rud a chuir ceithre cuilín idir na foirne. Tharraing cúl mall ó Chiarán Ó Coinn an bearna idir na foirne ar ais chuig an chuid is lú ar 3-14 chuig 3-13 .

Rinne an reiteoir, a raibh drochlá san oifig aige, neámhaird ar scairt dhéanach ar chic phíonóis do na Laochra tar éis feall ar Ó Cuinneagáin. Thug sé cic saor amach seachas cic éirice no cic 45. Rinne na Dúnaibh ceiliúradh ar bhua iontach s’acu i ndiadh coimhlint epiciúil a chonaic 89 bomaite de pheil. Chur trachtaire Ráidio na Gaeltachta, Seán Bán Breathnach síos ar an chluiche mar chath epiciúil, agus an cluiche ab fhearr sa chomórtas le 20 bliain.

Dúirt Cathaoirelach na Laochra, Jake Mac Siacais:

‘”Tugann an comórtas seo Gaeil le chéile ó gach cearh den tír agus iad ag ceiliúradh le chéile. Téann muid in adharca a chéile ar an pháirc ach tá comradaíocht ann as an pháirc nach bhfuighfear aon áit eile. Ó thosaigh muid ag imirt sa chomórtas, thóg muid cairdeas buan le Gaeil ó neart Gaeltachtaí, ó Oileáin Arainn chuig an Rinn, Port Láirge.

‘Bhí paineál iontach againn do 27 imreoir agus bhí am ar doigh acu. labhrann siad uilig Gaeilge agus dúirt lucht eagraithe an chomortais arís agus arís eile gur thug muid dea-shampla d’fhoirne eile ón Ghaeltacht oifigiúil, áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge labhartha lág, ina measc. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an lucht tacaíochta a thaisteal an bealach uilig go Mhaigh Eo. Chuaigh siad i bhfeidhm go mór ar dhaoine óna Ghaeltachtaí eile a fuair spreagadh as úsaid na Gaeilge s’acu ar feadh deireadh na seachtaine. beidh an comórtas i gCloch Cheann Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill ar an bhliain seo chugainn agus tá muid ag dúil go mór le bheith ionadaíocht ar Bhéal Feirste agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar pháirc na péile