Thursday, 25 April 2024

 

Antrim GAA Visit the Official Club Aontroma Website

CORN UÍ MHUIRÍ FÓGRAITHE AG LAOCHRA LOCH LAO CLG

Bookmark and Share
04 May 2010
CORN UÍ MHUIRÍ FÓGRAITHE AG LAOCHRA LOCH LAO CLG

Beidh páistí as gaelscoileanna Bhéal Feirste ag glacadh páirte i gcomórtas péile Deardaoin seo chugainn ar pháirceanna CLG na cathrach.Tá an comórtas socraithe ag cumann CLG Ghaeltacht Bhéal Feirste, Laochra Loch Lao, i gcomhar le Coláiste Feirste.
Bronnfar Corn Liam Uí Mhuirí ar bhuaiteoirí an chomórtais. Ba ghael áitiúil é Liam a raibh aithne forleathan air. Fuair sé bás i mí Eanáir agus é ag teacht i méadaíocht, i ndiaidh do seal tinnis a fhulaingt go cróga agus go calma. Iarscolaire de Bhunscoil Phobal Feirste ab é Liam, a bhí fostaithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta. Bhí dúil mhór aige sna cluichí gaelacha agus d’imir sé péil agus iománaíocht do Chumann Naomh Pól.
Dúirt athair Liam, Bob, gurb chuí é an comórtas seo a reachtáil i gcuimhne ar a mhac. “Tá muid ag tnúth go mór leis an chomórtas seo agus is onóir mhór dúinn go nainmnítear an corn seo ina chuimhne. Tá muid iontach brodúil go gcuimhneofar é ar an lá toisc gurbh fhear mór spóirt é.
Dar le bean Liam, Bernadette, is léargas é an comórtas seo ar a bhí tábhachtach do Liam. “Thuig se tábhacht an spóirt don aos óg agus mhol sé dóibh glacadh páirte ann. Bhí a chroí sa Ghaeilge agus mar sin de, ní beag ár mbrod go bhfuil páistí na gaelscoileanna ag dul chun páirce ina chuimhne.”
Táthar ag súil go nárdaítear próifíl Laochra Loch Lao leis an aos óg. Arsa Seán Fennell, duine den lucht eagraithe, “Is onóir dúinn gur tugadh cead dúinn an comórtas seo a reachtáíl i guimhne ar Liam. Ba ghael cróga é ar léirigh na buanna agus na tréithe go mbeifí ag baill uilig Laochra Loch Lao.”
Ba mhaith leis an fhoireann eagraithe buíochas a ghabháíl le Cumann Uí Dhonabháin Rossa, le Cumann Naomh Pól agus le Cumann an tSairseiligh as a bpáirceanna chur ar fáil.