Wednesday, 24 April 2024

 

Antrim GAA Visit the Official Club Aontroma Website

Fochoiste na Gaeilge, CLG Aontroma

Bookmark and Share
20 April 2010

Fochoiste na Gaeilge, CLG Aontroma

Tá Coiste Chontae Aontroma ag iarraidh Fochoiste úr a bhunú sa Chontae a bheas freagrach as cúrsaí Gaeilge. Beidh an Fochoiste seo faoi cheannasaíocht Bhord an Chontae agus beidh na hábhair seo a léanas faoina churam:

1 Cuidiú a thabhairt maidir le cruinneas na Gaeilge i bhfoilseacháin an Chontae
2 Árdú céime a thabhairt don Ghaeilge
3 Sproiceanna Chomhairle Uladh CLG, ó thaobh na Gaeilge de, a chur i gcrích go háitiúil
4 Tuiscint a fháil ar ranganna agus ar imeachtaí eile Gaeilge atá ag dul ar aghaidh sa chontae
5 Fógraíocht a dhéanamh ag na cluichí éagsúla
6 Scoláireachtaí Gaeltachta
7 Comhoibriú le grupaí éagsúla ag obair ar son na Gaeilge
Beidh clár oscailte ag an Fhochoiste seo, ‘sé sin má mhothaíonn an duine go láidir faoi rud airithe cuirfear an rún sin a chur ar an chlár.
Ní bheidh mórán i gceist. Beidh an Fochoiste ag bualadh lena chéile uair sa mhí agus beidh píosa beag obire le déanamh idir cruinnithe.
Is deis iontach é seo do lucht na Gaeilge stadás na teanga a árdú anseo in Aontroim agus áit chuí na Gaeilge a chinntiú i saol CLG an chontae seo.

Má tá fís agat don Ghaeilge agus má tá tú ag iarraidh a bheith páirteach i nathghabháil agus i nathréimiú ár dteanga náisiúnta beidh fáilte mhór romhat.

Ma tuilleadh eolais uait gabh i dteagmháil le Gearóid Mac Roibín - gerrobinson@hotmail.com