Saturday, 20 April 2024

 

Antrim GAA Visit the Official Club Aontroma Website

LAOCHRA LOCH LAO - CUAIRT AN UACHTARÁIN NUA

Bookmark and Share
19 April 2010
LAOCHRA LOCH LAO - CUAIRT AN UACHTARÁIN NUA

Bhí cuairteaoir speisialta ag cumann Ghaeltacht Bhéal Feirste, Lochra Loch Lao CLG, nuair a bhí cruinniú ag Uachtarán Chomhairle Uladh, Aogán Ó Feargháil le hiondaithe an Chumainn sa Chultúrlann ar na mallaibh. Arsa an t-Uachtarán, “Nuair a cheapadh chuig an oifig seo mé dúirt mé go gcuirfinn béim ar dul chun cinn na Gaeilge agus ar fhobairt chultúrtha. Is baill de Chumann Lúthchleas Gael sinn uilig agus glacfaidh muid athsheilbh ar an Ghaelachas agus mé i mbun oifige.” Mhol Aogán na hiarrachtaí ata déanta ag Laochra Loch Lao. “Ta CLG ann le fresatal ar an phobal. Tá sé ann le cur leis an sochaí na hÉireann agus sin atá baonte amach ag Laochra Loch Lao. Guím gach rath ar an Chumann seo feasta.”

I ndiaidh an chruinniú ghabh Cathaoirleach Laochra Loch Lao. Jake Mac Siacais, buíochas le hAogán as teach ar chuairt chuig Gaeltacht Bhéal Feirste. “Is mórspreagadh dúinn go bhfuil Uachtarán againn a thuigeann tábhacht na Gaeilge agus a thuigeann an ról lárnach atá ag CLG i dtaca le dul chun chinn na teanga. Is léir go bhfuil a fhios aige go bhfuil níos mó i gceist ag Laochra Loch Lao ná dul chun cinn na Gaeilge. Is pobal fairsing, beo Gaeltachta muid agus, amhail gach áit eile, tá CLG suite go lárnach ann. Tá tábhacht faoi leith leis an chumann áitiúil fud fad na hÉireann agus is amhlaidh dúinn mar chuidíonn Laochra Loch Lao, cumann s’againne féin, le cur síos a dhéanamh ar an phobal Ghaeltacht Bhéal Feirste. Mhínigh muid d’Aogán gur mór an dúil atá againn roimh Comórtas Péile na Gaeltachta a reachtálfar i gContae Mhaigh Eo i mbliana.”

Léirigh na Laochra go bhfuil siad ag iarraidh cur leis an mhéid atá bainte amach acu. “Mar a dúirt an t-Uachtarán, tá CLG ann le freastal ar an phobal agus is amhlaidh a dhéanfaidh muid i dtaca le pobal Ghaeltacht Bhéal Feirste. Tá foireann na mBan bunaithe againn agus tá Séamus ÓTuama ceapaithe mar bhainisteoir ar na hÓglaochra, foireann do dhaoine óga,” arsa Fergal Mac Ionnrachtaigh, rúnaí an Chumainn.

Dúirt Jim Murray, Leas Cathoirleach Choiste Chontae Aontroma, fear a raibh an-tionchar aige maidir le bunú an Chumainn, “Tá muid uilig go léir iontach brodúil as atá bainte amach ag an Chumann seo agus is eiseamlar suntasach é seo ar an dóigh a bhfuil CLG ag croí lár an Phobail. Is tábhachtach go dtuigtear go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le CLG ná soláthar cluichí. Baineann CLG leis an phobal agus léiríonn an Cumann seo an ról lárnach atá ag CLG ag freastal ar an phobal agus go hairithe ar phobal na Gaeilge.”

Beidh tuilleadh nuachta ann faoi na Loachra ar an suíomh seo agus iad ag ullmhú do Chomórtas Péile na Gaeltachta i mbliana.